Folúntais i gColáiste Feirste – Riachtanais Speisialta Oideachais

Folúntais i gColáiste Feirste – Riachtanais Speisialta Oideachais

Posted: 17th Apr, 2025

 

Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste.  Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta.  Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don tsíorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann.

 

Tá Coláiste Feirste ag lorg múinteoirí láncháilithe leis na poist seo a leanas a líonadh trí mheán na Gaeilge:

 

Riachtanais Speisialta Oideachais (Tacaíocht Uathachais agus Cumarsáid Sóisialta) x 2

 

  • Féidearthacht le conradh buan
  • Dhá phointe freagrachta (RSO)

 

Riachtanach:

  • múinteoir cáilithe, aitheanta ag GTCNI faoi Mheán Fómhair 2025
  • ardchaighdeán Gaeilge
  • taithí dhá bhliain mar mhúinteoir

 

Inmhianaithe

  • Taithí ag obair le daltaí uathacha
  • Taithí ag tabhairt tacaíocht chothaithe do dhaltaí
  • Taithí ag bainistiú ceisteanna RSO nó ag cur scéim fheabhsaithe RSO i bhfeidhm

 

Is féidir go gceapfaidh an Painéal gearrliosta d’fholúntais a tharlóidh taobh istigh de 6 mhí.

 

Ceapfar múinteoirí atá cumasach agus díograiseach agus a chuirfidh le fís agus éiteas Gaelach an Choláiste trí sheachadadh éifeachtach an churaclaim agus trí pháirt ghníomhach a imirt in imeachtaí seach-churaclaim.

 

Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil, glaoitear ar:-

 

Coláiste Feirste

Guthán 028 90320707

 

nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist:-

cuidhomhnaill142@c2kni.net

 

nó a íoslódail ón tsuíomh idirlín: www.colaistefeirste.org

 

Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste trí ríomhphost chuig info@colaistefeirste.belfast.ni.sch.uk  roimh:

mheánlae Dé hAoine 2 Bealtaine 2025

 

 

Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste

Coláiste Feirste

Teach Ard na bhFeá

7 Páirc Radharc na bhFeá

Béal Feirste   BT12 7PY

Fón: 028 90320707

www.colaistefeirste.org

 

Website designed by Visionworks Interactive