Posted: 9th Oct, 2024
*Bileog eolais agus Foirm Iarratais ar fáil thíos*
Folúntais Bhaill Boird
Is féidir eispéireas an-shásúil agus an-tairbheach a bhaint amach mar Bhall Boird de Chomhairle na Gaelscolaíochta a chuidíonn le hoideachas ár ndaoine óga a mhúnlú. Tá os cionn 90 scoil ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do bheagnach 7,500 dalta ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile faoi láthair agus ba mhaith linn tógáil ar an rath atá orainn go dtí seo.
Tá seirbhís den scoth tugtha ag ár n-ionadaithe boird reatha ar bhonn deonach, le hocht mbliana anuas agus tá a bpoist ar an Bhord á n-earcú faoi láthair.
Is é an Bord an foras ionadaíochta don ghaelscolaíocht in Éirinn ó thuaidh agus tá dhá fholúntas le líonadh chomh maith le ionadaí ó gach ceann de na forais páirtithe leasmhara seo a leanas:
Tá muid ar lorg Baill Boird a bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí acu atá de dhíth chun feidhmiú go héifeachtach mar bhall boird d’eagraíocht poiblí. Is féidir na haistriúcháin do na cruinnithe agus cáipéisí a chur ar fáil d’aon Ball Boird nach bhfuil Gaeilge acu más gá.
Bítear ag súil go seasfaidh iarrthóirí lenár luachanna chomh maith le prionsabail an tsaoil phoiblí a nglactar leo go ginearálta (Prionsabail Nolan).
Mairfidh an ceapachán ar feadh tréimhse tosaigh ceithre bliana a d’fhéadfadh a bheith in-athnuaite. Cuirtear oiliúint agus forbairt ar fáil chun tacú le héifeachtacht an Bhoird. I gcás míchumais, déanfaidh muid gach iarracht cibé tacaíocht réasúnach a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó aon Bhall den Bhord chun tacú leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Maria Thomasson
Príomhfheidhmeannach agus Rúnaí Boird
Ríomhphost: mariathomasson@comhairle.org
Teileafón: 028 90321475
Tabhair faoi deara gurb é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 5.00in Aoine 29 Samhain 2024
Website designed by Visionworks Interactive