Foirgneamh Úr Scoile Fógartha do Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail



06th Jun, 2024

Foirgneamh Úr Scoile Fógartha do Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail

Sa phictiúr: Samhail fhoirgneamh úr Ghaelscoil Uí Néill

D’fhógair an Roinn Oideachais níos mó dea-scéala d’earnáil na Gaelscolaíochta an tseachtain seo nuair a fógraíodh go raibh tús le cur leis an obair ar fhoirgneamh nua scoile do Ghaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail. Tar éis an scéala le déanaí go bhfuil cead tugtha do Scoil an Droichid i mBéal Feirste an tógáil nua a chur chun cinn, tá lúcháir ar Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) go bhfuil conraitheoirí ceaptha ag Gaelscoil Uí Néill, a bunaíodh den chéad uair in 1995, chun tús a chur leis an obair ar a n-áitreabh nua.

 

Chuir Gearóid Ó Gealbháin, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil Uí Néill, a lúcháir in iúl faoin bhfógra:

 

‘Tar éis blianta de phleanáil agus de chruinnithe gan áireamh, tá áthas ar Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil Uí Néill a fhógairt go bhfuil treoir le tabhairt dár gconraitheoirí Connolly & Fee, tús a chur le tógáil ár nGaelscoil nua ar Pháirc Imeartha Ghort Gonaidh. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha oifigigh de chuid na Roinne Oideachais, an Údaráis Oideachais, CnaG agus Chomhairle Lár Uladh chomh maith le hionadaithe polaitiúla áitiúla a chabhraigh lenár n-aisling a thabhairt chun críche.’

 

Chuir Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG, fáilte roimh chinneadh na Roinne Oideachais tógáil nua na scoile a chur chun cinn:

 

‘Tá CnaG thar a bheith sásta go mbainfidh Gaelscoil Uí Néill amach faoi dheireadh, foirgneamh scoile úrscothach a fhreastalóidh ar phobail Oileán an Ghuail agus Chluain Eo ar feadh na nglúnta. Cuirfidh an foirgneamh nua ar chumas Ghaelscoil Uí Néill leanúint ar aghaidh ag cur oideachas den chéad scoth ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht a chuirfidh go mór le heispéireas teagaisc agus foghlama na ndaltaí. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal uile na scoile as an chloch mhíle shuntasach seo a bhaint amach agus aitheantas a thabhairt dá dtiomantas don tionscadal seo thar na blianta fada.

Agus an maoiniú a theastaíonn don tógáil nua seo á chur ar fáil, tá céim eile sa treo ceart á ghlacadh ag an Roinn Oideachais chun dul i ngleic leis na heasnaimh chóiríochta atá san earnáil Gaelscolaíochta le fada an lá chun torthaí foghlama a fheabhsú do dhaltaí Gaelscolaíochta.’

 

Website designed by Visionworks Interactive