Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta, 2024 



27th Sep, 2024

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta, 2024 

D’fhreastail breis agus 200 toscaire ar Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) ar an 20ú Meán Fómhair, i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Ba é Eochair Feasa Foghlaim teideal agus téama na Comhdhála i mbliana. 

Ócáid rathúil a bhí ann inár cuireadh sraith seisiún TPL ar fáil do chleachtóirí na hearnála maidin na Comhdhála ar réimse leathan ábhar; cruinneas & gramadach na Gaeilge, FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga) agus an Creat Teanga Bunscoile san áireamh. Leis sin, lainseáladh sraith leabhrán nuálach, coimisiúnaithe ag CnaG agus scríofa ag an Dr Gearóid Ó Domagáin, Ollscoil Uladh, dár teideal Féinmheasúnú agus Féinfhoghlaim; Acmhainní forbartha teanga le haghaidh cleachtóirí tumoideachais. 

 

Tráthnóna, lainseáladh tuairisc taighde suntasach, coimisiúnaithe arís ag CnaG ar chroí-inniúlachtaí san oideachas lán-Ghaeilge, scríofa an An Dr T.J Ó Ceallaigh, Ollscoil Chorcaigh agus an Dr Gabrielle Nig Uidhir, Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Ba é Pat Sheehan, CTR, leas-chathaoirleach ar Choiste Oideachais an Tionóil a bhí i mbun na lainseála. 

 

Gabhann CnaG buíochas leis na céadta cleachtóir agus aíonna eile a d’fhreastail ar an Chomhdháil i mbliana ó fud fad na hearnála agus gabhann muid buíochas ar leith le COGG, Coláiste Mhuire agus leis an Roinn Oideachais, a mhaoinigh cuid de na tionscnaimh seo trí chlár ‘A Fair Start’. Tá muid buíoch fosta d’fhoireann Choláiste Mhuire as an Chomhdháil a ostú i mbliana, ach go háirithe  Eilis McAteer agus Christopher Owens as an tacaíocht a thug siad dúinn chun an lá a dhéanamh chomh ráthúil sin.

Website designed by Visionworks Interactive