Naíscoil Reachtúil Úr fógartha do Bhunscoil an Traonaigh



24th Jul, 2024

Naíscoil Reachtúil Úr fógartha do Bhunscoil an Traonaigh

Tá an t-aon scoil lán-Ghaeilge i bhFear Manach, Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe, ag ceiliúradh inniu tar éis don Aire Oideachais cinneadh a dhéanamh inné go mbunófaí naíscoil reachtúil 26 áit i Meán Fómhair 2024. 

Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) fáilte mhór roimh an chinneadh chun an t-aonad nua naíscoile a bhunú sa Bhunscoil. 

Thug Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach CnaG ómós d’obair chrua, tiomantas agus dúthracht fhoireann agus ghobharnóirí Bhunscoil an Traonaigh as an chloch mhíle seo a bhaint amach. Thug Maria aitheantas freisin d’fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta a thacaigh leis na gobharnóirí agus iad ag déanamh a n-iarratas chuig an Roinn Oideachais (RO) agus ghabh sí buíochas le hoifigigh RO as an méid a rinne siad. Ghabh Maria buíochas ar leith leis an Aire Oideachais, Paul Givan, as a thiomantas leanúnach don oideachas lán-Ghaeilge: 

‘Tá ríméad ar CnaG, agus ar earnáil na Gaelscolaíochta i gcoitinne, faoin scéala go mbainfidh Bunscoil an Traonaigh an-taitneamh as na buntáistí éagsúla a bhaineann le naíscoil reachtúil go luath. Cuirfidh an soláthar seo tuilleadh feabhais ar an oideachas lán-Ghaeilge i Lios na Scéithe agus cuideoidh sé le todhchaí an Ghaeloideachais i gContae Fhear Manach a chinntiú. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí páirteach san éacht iontach seo. Tréaslaím le dúthracht agus tiomantas na ngobharnóirí, na foirne agus na dtuismitheoirí i mBunscoil an Traonaigh. Tá mé buíoch d’fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta agus d’oifigigh na Roinne Oideachais a thacaigh agus a d’éascaigh an t-iarratas seo tríd an bpróiseas Pleanála Ceantair. Ba mhaith liom, ach go háirithe, mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Oideachais, Paul Givan, as an gcinneadh seo a dhéanamh; an cinneadh is déanaí i sraith cinntí fabhracha a rinne sé ar na mallaibh  maidir le scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tAire Givan le moladh as a thiomantas leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta.’ 

Lean Maria ar aghaidh, ‘Is am spreagúil é seo do Bhunscoil an Traonaigh tar éis do Chaoimhe Ní Ghrianna a bheith ceaptha ina Príomhoide ar an scoil le déanaí. Rachaidh Caoimhe i mbun a poist freisin i Meán Fómhair 2024 agus guím gach rath uirthi ina ról nua. Tréaslaím féin agus mo chomhghleacaithe CnaG le Bunscoil an Traonaigh agus leis an mhórphobal lán-Ghaeilge i Lios na Scéithe as an chloch mhíle shuntasach seo agus táimid ag súil le bheith ag obair leis an bhfoireann agus leis na gobharnóirí chun leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt na scoile sna blianta amach romhainn.’ 

Website designed by Visionworks Interactive