Chuir an Roinn Oideachais Comhairle na Gaelscolaíochta ar bun sa bhliain 2000 leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:
Líonra de ghaelscoileanna fuinniúla, inbhuanaithe, ó réamhscolaíocht go hiar-bhunscolaíocht, a sholáthróidh oideachas d’ard-chaighdeán, a bheidh i gcroílár pobal labhartha Gaeilge atá i mbéal forbartha.
Cur le forbairt pobal labhartha Gaeilge beoga trí rochtain ar Ghaeloideachas ardchaighdeain a chinntiú do gach duine ar mhaith leo é.
Cuireann Comhairle na Gaelscolaíochta an Ghaelscolaíocht chun cinn i measc an phobail. Spreagaimid tuismitheoirí le soláthar Gaelscolaíochta a bhunú dá bpáistí. Tugaimid tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh sin a dhéanamh.
Déanfaimid iarracht a chinntiú go mbeidh teacht ag daltaí ar Ghaelscolaíocht d’ardchaighdeáin ag na trí leibhéal – réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus iar-bhunscolaíocht.
Faigheann Comhairle na Gaelscolaíochta deontas ón Roinn Oideachais le haghaidh tuarastail foirne, costais riaracháin agus feidhmiú plean bliana.
Tá 10 ar fhoireann Chomhairle na Gaelscolaíochta faoi láthair:
Príomhfheidhmeannach, Oifigeach Sinsearach Oideachais, Oifigeach Sinsearach Forbartha, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Abhcóideachta, Oifigeach Sinsearach Airgeadais, Riaracháin agus Pearsanra, Oifigeach Cléireachais (x2) agus Oifigeach Comhairleach (x3).
Tá 14 stiúrthóir deonach ar bhord stiúrtha Chomhairle na Gaelscolaíochta. Déanann eagraíochtaí / grúpaí leasmhara na stiúrthóirí a ainmniú. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí atá ar an bhord faoi láthair ( – is féidir an liosta iomlán a fháil ón Tuairisc Bhliaintiúil )
Cathaoirleach – Seosamh Ó Coinne
Eagraíochtaí
Daoine atá roghnaithe:
Website designed by Visionworks Interactive