Tar Ag Obair Linn – Oifigeach Sinsearach Oideachais

Tar Ag Obair Linn – Oifigeach Sinsearach Oideachais

Posted: 8th Apr, 2025

*Leabhrán Eolais & Foirm Iarratais thíos*

Oifigeach Sinsearach Oideachais

(Tréimhse Máithreachais)

Comhairle na Gaelscolaíochta, Áras na bhFál, 200-202 Bóthar na bhFal, Béal Feirste, BT12 6AH

Tagairt: OSO 0425

Suíomh: Lonnaithe idir oifigí CnaG in Áras na bhFál, Béal Feirste agus an baile.

Tréimhse: Post Sealadach idir 01/08/25 – 30/06/26

Stádas: Lánaimseartha

Uaireanta Oibre: Is ionann an ghnáthsheachtain oibre agus 36.25 uair an chloig. Beidh ar an té a n-éireoidh leis/léi freastal ar ócáidí i ndiaidh na hoibre agus ag an deireadh seachtaine freisin, de réir mar is gá.

Tuarastal: NJC 35-38  £44,7111 – £47,754

Tuilleadh Eolais: 

Beidh an té a éireoidh leis/léi lonnaithe idir oifigí CnaG in Áras na bhFál, Béal Feirste agus an baile.

Beidh ar an té a éireoidh leis/léi taisteal mar gheall ar dhualgais oifigiúla sa phost seo; mar sin, beidh air/uirthi rochtain a bheith aige/aici ar chineál iompair a chuirfidh ar a c(h)umas a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh.

Is féidir leis an iarrthóir rathúil a bheith ag súil go gcuirfear iad ar an phointe íosta den scála pá.

Ról:

Feidhmeoidh an tOifigeach Sinsearach Oideachais (OSO) mar bhall foirne d’fhoireann shinsearach Chomhairle na Gaelscolaíochta.  Is é an Príomhfheidhmeannach a bheidh mar bhainisteoir líne acu. Oibreoidh an  Príomhfheidhmeannach agus an Fhoireann Ardbhainistíochta i ndlúthchomhar le chéile chun tosaíochtaí straitéiseacha CnaG a chur i bhfeidhm. Cuirfidh sé/sí tacaíocht ar fáil do Ghaelscoileanna agus tacóidh sé/sí leis an obair i bpobail chun soláthar nua Gaelscolaíochta a fhorbairt.

Critéir Riachtanach: 

Faoin dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, ní mór go mbeidh na nithe seo a leanas ag iarratasóirí:

  1. Céim nó cáilíocht Ardoideachais chomhionann ábhartha;
  2. Fianaise ar thaithí dhá bhliain teagaisc agus bheith ag obair ag ardleibhéal san oideachas nó i seirbhísí tacaíochta oideachais;
  3. Fianaise ar thaithí dhá bhliain i dtaca le ceannaireacht éifeachtach a chur ar fáil lena n-áirítear cuspóirí eagraíochtúla straitéiseacha a fhorbairt agus a chur i gcrích;
  4. Fianaise ar dhul i gcion ar chaidrimh dhearfacha, thairbheacha agus chomhairleacha le raon ilchineálach de pháirtithe leasmhara, agus ar iad a spreagadh agus a thógáil;
  5. Ardscileanna cumarsáide lena n-áirítear cumarsáid scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla, agus taithí ar phacáistí “Microsoft Office” a úsáid;
  6. Láncheadúnas tiomána agus rochtain ar fheithicil le haghaidh taisteal a bhaineann leis an obair.

Le hiarratas a chur isteach:

Ní mór d’iarrthóirí an fhoirm iarratais agus an ceistiúchán monatóireachta thíos a líonadh amach agus a sheoladh chuig oifig@comhairle.org tráth nach déanaí ná

12.00 i.n., Dé hAoine, 25 Aibreán 2025.

Nasc Anseo: Leabhrán Eolais

Nasc Anseo: Foirm Iarratais

Nasc Anseo: Ceistiúchán Monatóireachta

Website designed by Visionworks Interactive