Tuarascáil Shuntasach Taighde Eisithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta ar Riachtanais Speisialta Oideachais in Earnáil na Gaelscolaíochta

Tá tuarascáil taighde á lainseáil ag Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) inniu (29/11/2024) ar mhór-cheist Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) in earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh. 

An Soláthar do Riachtanais Speisialta Oideachais agus Míchumais sa Ghaelscolaíocht is teideal an taighde seo, ina dtugtar léargas cuimsitheach ar réimsí RSO san earnáil faoi láthair; an easpa soláthair atá ann le tabhairt faoi na dúshláin sin agus moltaí éagsúla i leith maolaithe. 

Ba chomh-iarracht í an tuarascáil seo idir CnaG, faoi stiúir Orla Nig Fhearraigh, Oifigeach Sinsearach Oideachais; An Dr Sinéad Nic Aindriú, Ollamh Cúnta i dTeagasc na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus cleachtóirí RSO in earnáil na Gaelscolaíochta.  

Is ar na forais oideachais ó thuaidh is mó atá moltaí na taighde seo dírithe, agus athbhreithnithe éagsúla ag dul aghaidh faoi láthair ag Roinn an Oideachais agus ag an Údarás Oideachais i dtaca le RSO dó. Tá sé de rún ag CnaG anois, an tuarascáil agus na moltaí istigh ann a chur faoi bhráid an Áire Oideachais agus na forais oideachais áitiúla, mar aon le polaiteoirí áitiúla, eagraíochtaí eile oideachais agus scairshealbhóirí eile, le go mbeidh riachtanais shainiúla na Gaelscolaíochta san áireamh i dtionscnaimh RSO amach anseo. 

Is féidir theacht ar an tuarascáil taighde anseo: The Provision for Special Educational Needs and Disabilities in Irish-medium Education November 2024.pdf

 

 

Folúntais Bhaill Boird

*Bileog eolais agus Foirm Iarratais ar fáil thíos*

 

Folúntais Bhaill Boird

Is féidir eispéireas an-shásúil agus an-tairbheach a bhaint amach mar Bhall Boird de Chomhairle na Gaelscolaíochta a chuidíonn le hoideachas ár ndaoine óga a mhúnlú.  Tá os cionn 90 scoil ag cur oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do bheagnach 7,500 dalta ag leibhéal na réamhscoile, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile faoi láthair agus ba mhaith linn tógáil ar an rath atá orainn go dtí seo.

 

Tá seirbhís den scoth tugtha ag ár n-ionadaithe boird reatha ar bhonn deonach, le hocht mbliana anuas agus tá a bpoist ar an Bhord á n-earcú faoi láthair.

 

Is é an Bord an foras ionadaíochta don ghaelscolaíocht in Éirinn ó thuaidh agus tá dhá fholúntas le líonadh chomh maith le ionadaí ó gach ceann de na forais páirtithe leasmhara seo a leanas:

 

  • Ionadaí tuismitheora
  • Earnáil na nIar-bhunscolaíochta
  • Gobharnóir Scoile
  • 2 Ionadaí ginearálta

 

Tá muid ar lorg Baill Boird a bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí acu atá de dhíth chun feidhmiú go héifeachtach mar bhall boird d’eagraíocht poiblí.  Is féidir na haistriúcháin do na cruinnithe agus cáipéisí a chur ar fáil d’aon Ball Boird nach bhfuil Gaeilge acu más gá.

 

Bítear ag súil go seasfaidh iarrthóirí lenár luachanna chomh maith le prionsabail an tsaoil phoiblí a nglactar leo go ginearálta (Prionsabail Nolan).

Mairfidh an ceapachán ar feadh tréimhse tosaigh ceithre bliana a d’fhéadfadh a bheith in-athnuaite. Cuirtear oiliúint agus forbairt ar fáil chun tacú le héifeachtacht an Bhoird.  I gcás míchumais, déanfaidh muid gach iarracht cibé tacaíocht réasúnach a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó aon Bhall den Bhord chun tacú leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Maria Thomasson

Príomhfheidhmeannach agus Rúnaí Boird

Ríomhphost: mariathomasson@comhairle.org

Teileafón: 028 90321475

 

Nasc Anseo: Pacáiste Eolais

Nasc Anseo: Foirm Iarratais

 

Tabhair faoi deara gurb é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 5.00in Aoine 29 Samhain 2024

Website designed by Visionworks Interactive