Oscailt Oifigiúil Ghaelscoil Uí Dhochartaigh

Bhí cúis cheiliúrtha ag pobal na Gaeilge ar an Srath Bán an tseachtain seo caite nuair a osclaíodh foirgneamh nua Gaelscoil Uí Dhochartaigh go hoifigiúil. Ar chostas os cionn £7 milliún, is cloch mhíle thábhachtach é an foirgneamh nua d’fhorbairt an ghaeloideachais ar an Srath Bán, ó bunaíodh an bhunscoil i 1997.

Bhí an Chéad-Aire Michelle O’Neill,  i láthair ag an searmanas oscailte, áit ar caitheadh leo siúd a bhí i láthair le léirithe ceoil ó pháistí cumasacha Ghaelscoil Uí Dhochartaigh.

An Chéad-Aire, Michelle O’Neill

Bhí Méara Dhoire agus an tSratha Báin, Lilian Seenoi-Barr i láthair chomh maith, mar a bhí iarbhaill agus baill reatha den Bhord Gobharnóirí, tuismitheoirí, iardhaltaí agus oifigigh ón Údarás Oideachais agus ón Roinn Oideachais.

Plaic chuimhneacháin

D’fhreastail Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta ar an oscailt chomh maith agus labhair sí faoin tionchar a bheadh ag na háiseanna nua ar pháistí agus ar fhoireann Ghaelscoil Uí Dhochartaigh;

‘Tá lúcháir orm go bhfuil na háiseanna atá tuillte acu ag pobal na Gaeilge ar an Srath Bán i ndiaidh  blianta fada. Is léiriú é ar obair ghobharnóirí agus fhoireann na scoile go bhfuil teacht anois ag páistí Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar áiseanna den scoth i suíomh álainn. Guím gach rath ar theaghlach Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar fad sna blianta amach romhainn, agus táim ag súil go mór le freastal ar imeachtaí den chineál céanna i bpobail lán-Ghaeilge eile sna blianta amach romhainn.’

 

Paistí na scoile ag bualadh ceoil

Website designed by Visionworks Interactive